Published 16.02.2015
by Kids’ Own

Gairmeacha ar léiriú spéise

Tairseach na nEalaíon san Oideachas

Gairmeacha ar léiriú spéise
Próiseas in ionad promóisin!

An ealaíontóir nó múinteoir thú atá páirteach i dtionscadal spreagúil ealaíon san oideachas? Ar mhaith leat a bheith i measc na gcéad daoine a thaispeánfaidh a gcuid oibre ar an tairseach nua Ealaíon san Oideachas? An mian leat do chuid oibre agus an méid atá foghlamtha agat a chomhroinnt chun daoine eile a spreagadh, agus a bheith páirteach i gcomhrá leanúnach mar gheall ar chleachtas na n-ealaíon san oideachas in Éirinn?

Más ea, iarraimid ort léiriú spéise a chur ar aghaidh le cur san áireamh sa Tairseach.

Tá Kids’ Own – i gcomhpháirtíocht le coiste eagarthóireachta – ag treorú fhorbairt an inneachair a bheidh ar an Tairseach nua náisiúnta um na hEalaíona san Oideachas, a sheolfar i mBealtaine 2015. Leanann forbairt na tairsí foilsiú na Cairte um na hEalaíona san Oideachas, a shínigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta, agus an tAire Oideachais & Scileanna i Nollaig 2012. Is é an fhís maidir leis an tairseach í a bheith ar an bpríomhacmhainn náisiúnta digiteach ealaíon agus cleachtas ealaíon in Éirinn.

Sa bhliain atá romhainn, seolfar gnéithe agus feidhmeanna nua, ach sa chéad chéim seo, díreofar thar aon ní eile ar na tionscadail agus na comhpháirtíochtaí atá ar siúl cheana féin a phróifíliú agus acmhainní a fhorbairt a úsáidfear chun tacú leatsa i do chuid oibre, chomh maith leis na scéalta agus na deiseanna is déanaí a chur ar fáil.

Chun tús a chur leis, ba mhaith linn go léireodh an tairseach nua raon na hoibre atá ar bun ar fud na hÉireann i bhfoirmeacha difriúla ealaíne, agus go dtabharfadh sé léargas spreagúil ar chleachtas comhoibritheach idir ealaíontóirí agus múinteoirí.

Ba mhaith linn cloisteáil uaitse, má tá tú páirteach i dtionscadal den sórt seo a leanas:

·     Tionscadal ina bhfuil ealaíontóirí, múinteoirí agus páistí páirteach;

·     Tionscadal atá bunaithe ar éiteas láidir de chleachtas ealaíon san oideachas;

·     Tionscadal atá doiciméadaithe le grianghraif, le físeáin nó le meáin eile;

·     Tionscadal a forbraíodh agus beartas um chosaint leanaí agus gnásanna ábhartha eile i bhfeidhm.

 

Iarrtar ort na critéir agus na treoirlínte maidir le haighneachtaí a léamh. Gheofar sonraí breise ach cliceáil anseo https://kidsown.ie/criteria-guidelines-call-expressions-interest/.

Is é an dáta deiridh le haighneacht a chur isteach: Dé Luain, 2 Márta 2015.

Newsletter