by Kids’ Own

A children�s arts organisation and publishing house.
Comhairliú: Ba mhór againn do thuairim a fháil!
Is áthas le Kids’ Own a bheith i gceannas ar thionscnamh náisiúnta úrnua – Tairseach na nEalaíon san Oideachas, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais & Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta. Tá an tairseach á forbairt mar chuid de chur chun feidhme na Cairte um na hEalaíona san Oideachas, a sheol an dá roinn go luath in 2013.
Is acmhainn dhigiteach nua náisiúnta í seo, ina mbeidh eolas faoi na healaíona agus faoi chleachtas oideachais, a chabhróidh le múinteoirí, ealaíontóirí agus le duine ar bith eile atá ag obair sa réimse seo. Spás ar leith a bheidh ann inar féidir dea-chleachtas, taighde, acmhainní agus cás-staidéir spreagthacha a chomhroinnt, agus leas a bhaint astu ar líne.
Tá Kids’ Own ag eagrú sraith comhairliúchán ar fud na tíre, i gcompháirtíocht leis an ATECI, trína dtugaimid cuireadh daoibhse uile an fhís atá agat maidir le Tairseach na nEalaíon san Oideachas a chomhroinnt linn. Táimid ag iarraidh tacú leatsa i do chleachtas, agus deis a thabhairt duit an acmhainn seo a mhúnlú trína rá linn cad iad na gnéithe nó na feidhmeanna a thacódh leatsa san obair atá ar bun agat.
Conas a bheith páirteach…
Tar chuig ceann de na seisiúin chomhairliúcháin tráthnóna – ag na hIonaid Oideachais seo a leanas:
Ionad Oideachais Shligigh
Dé Céadaoin, 15/10/14, 7-9 istoíche
[email protected] / 07191-38700
Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí
Dé Luain, 3/11/14, 7-9 istoíche
[email protected] / 021-4255600
Ionad Oideachais Átha Luain
Dé Máirt, 4/11/14, 7-9 istoíche
0906-420400
Ionad Oideachais Chill Dara
Dé Céadaoin, 5/11/14, 7-9 istoíche
[email protected] / 045-5530200
Ionad Oideachais na Carraige Duibhe
Dé Máirt, 11/11/14, 7-9 istoíche
[email protected] / 01-2365000
Ionad Oideachais Chill Chainnigh
Dé Céadaoin, 12/11/14, 7-9 istoíche
[email protected] / 056-7760200
Ionad Oideachais Mhuineacháin
Déardaoin, 13/11/14, 7-9 istoíche
[email protected] / 04774000
I gcomhpháirtíocht leis an ATECI a chuirfear na seisiúin chomhairliúcháin ar fáil. Is féidir áiteanna a chur in áirithe ach glaoch ar na hIonaid Oideachais. Beidh sólaistí ar fáil.
Moltar duit tuilleadh eolais a iarraidh ar Orla Kenny nó Jo Holmwood ag Kids’ Own: [email protected] nó ag 07191-24945
Glac páirt sa suirbhé seo: https://www.surveymonkey.com/s/9LQNSS9